Tom a’ Bhungaló – Tomás Mac Giolla Bhríghde 1923-2013

£22.50

4 in stock

9780956884428

Cur síos

Chaith Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923-2013), nó Tom a’ Bhungaló mar is fearr aithne air, a shaol ag saothrú ar mhaithe lena pharóiste dhúchais, Gaoth Dobhair.

Bhí Tom ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó 1938 go bliain a bháis in 2013 mar aisteoir, mar léiritheoir, mar údar agus mar stiúrthóir ar na hAisteoirí agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair. Bhí tionchar iontach dearfach aige ar ghlúnta éagsúla d’aos óg Ghaoth Dobhair agus choinnigh sé bladhaire na drámaíochta ar lasadh ina measc.

Fís agus fiontraíocht Thomáis agus a chomrádaithe ba chúis le bunú Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair i lár na 1960idí, beart a leag an dúshraith don fhás eacnamaíochta a tharla in iarthuaisceart Thír Chonaill ina dhiaidh sin.

Bhain Ollscoil na hÉireann Gaillimh céim oinigh ar Tom in 2005 mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le fostaíocht a chruthú sa cheantar agus i gcur chun cinn na n-ealaíon, an chultúir agus na Gaeilge.

Gníomhaí Gaelach, fiontraí físeach, draoi drámaíochta.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Bí ar an gcéad duine a dhéanfaidh léirmheas ar “Tom a’ Bhungaló – Tomás Mac Giolla Bhríghde 1923-2013”.

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Táirgí gaolmhara