An Seachtar Stuama: Rún an tSeanmhuilinn

Enid Blyton

£6.30

In stock

SKU: 26251 Category:
9781784441586

Description

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Is iad an deartháir agus deirfiú Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, Rún an tSeanmhuilinn, tá Peadar agus Sinéad den tuairim go mbeadh an Seanmhuileann thar a bheith feiliúnach le haghaidh cruinnithe dá gclub rúnda – sin nó go dtugann siad faoi deara go bhfuil earraí goidte á stóráil ann! Cuimhníonn an Seachtar ar sheift chun breith ar na gadaithe nuair a thiocfas siad ar ais. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Six books in Enid Blyton’s The Secret Seven series are now available in Irish as An Seachtar Stuama. Published by Cló Iar-Chonnacht, written in a natural style of Irish and translated by a group of translators.

The Secret Seven / An Seachtar Stuama in the Irish-language editions are siblings Peadar and Sinéad and their friends Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí and Bairbre. Together they are An Seachtar Stuama – ready to solve any mystery, any time, in Enid Blyton’s classic series of mystery novels.

In this title, Rún an tSeanmhuilinn, Peter and Janet think Old Mill is perfect for their Seven Society meetings – until they make a startling discovery about some stolen goods. So the gang hatch a plan to wait for the thieves to come back. This title in the Secret Seven / An Seachtar Stuama series was translated to Irish by Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...