An té a bhíonn ag gáire … Brian Ó Nualláin Scríbhneoir Gaeilge Béarla

£16.20

2 in stock

SKU: 33772 Category:
9781784442842

Description

Sula raibh trácht ar Myles na gCopaleen nó Flann O’Brien, bhí Brian Ó Nualláin (1911-66) ann, fear óg a tógadh le Gaeilge, a rinne staidéar ar an nGaeilge dá chéim agus a bhain céim MA amach sa tSean-Ghaeilge. Ar ndóigh, ní haon scéal nua é do lucht na Gaeilge a lárnaí is a bhí an teanga agus saíocht na teanga i saothair mar An Béal Bocht (1941) agus an iliomad tagairtí dá litríocht ina cholún san Irish Times, ‘Cruiskeen Lawn’ – go deimhin is i nGaeilge a scríobhtaí an colún céanna i dtús ama. Is é atá a mhaíomh sa saothar seo a lárnaí is a bhí eispéireas na Gaeilge sna húrscéalta sin a bhain cáil dhomhanda amach dó, mar atá, At Swim-Two-Birds (1939) agus The Third Policeman (1967), úrscéalta a bhféachtar anois orthu mar shár-eisleamláirí de chuid an úrscéil nua-aoisigh. Go deimhin, is féidir a áiteamh go bhfuil cló na Gaeilge chomh láidir sin ar shamhlaíocht chrosta dhátheangach Bhriain Uí Nualláin gur geall le scríbhneoir Gaeilge é fiú agus é ag scríobh as Béarla.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “An té a bhíonn ag gáire … Brian Ó Nualláin Scríbhneoir Gaeilge Béarla”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may also enjoy...