Description
Leabhar taighde a phléann Cré na Cille i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal á scaipeadh go hidirnáisiúnta. Tagann an staidéar i dtír ar ghnéithe éagsúla den chur chuige teoirciúil- carnabhalachas, an insint chiclipéideach agus an reiceolaíocht ina measc- chun áit an tsaothair i gcanóin litríocht an domhain a mheas. Ag an am céanna, lonnaíonn sé tréithe éagsúla Cré na Cille i gcomhthéacs scríbínní eile Uí Cadhain, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, agus pleann sé an ceangal idir an t-úscéal agus traidisiúin chultúrtha na hÉireann, an béaloideas, an litríocht agus an ceol. Tugtar léargas freisin ann ar áit Uí Cadhain i measc nua-aoisithe Éireannacha eile a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu le fada- James Joyce, Samuel Beckett agus Brian Ó Nualláin.
Reviews
There are no reviews yet.