Cogadh Caillte

Gabhán Ó Fachtna

£13.50

In stock

SKU: 31479 Category:
6660012230259

Description

Nuair a chríochnaíonn an troid san Eoraip i mí Bealtaine 1945, níl deireadh leis an fhulaingt ná baol air. Tá leathmhilliún Gearmánach le bás a fháil fós, agus dhá mhilliún déag le díbirt as a n-áiteanna dúchais. Tá máistrí úra ar an mhór-roinn, agus a cinniúint á socrú eatarthu. Le saol iomlán nua atá na daoine ag streachailt, agus achan riail as feidhm.

Níl i ndán do mhná na tíre – nó is iad atá fágtha – ach orcras agus éigniú, anró agus náire. An rud is measa faoin scéal, b’fhéidir, nach bhfuil trua dá laghad ag an chuid eile den domhan dóibh i ndiaidh choireanna na Naitsithe. Agus sa mhullach air sin uile, tá orthu tabhairt faoi thasc ollmhór: a dtír a atógáil as smionagar an chogaidh – lena lámha féin.

Díríonn na scéalta cumhachtacha seo ar chruachás na ndaoine atá fágtha ar a gconlán féin, le linn na cogaíochta agus ina diaidh.

Ar na leabhair eile leis an údar chéanna, tá:

Bás agus Beatha ar an Bhóthar Chreagach

Snámhóirí Gaeltachta agus Scéalta Eile

Páras 1919

Rúin na Seacht gCaisleán

Bunchúrsa Albainise

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...