Description
Tá naimhde gránna Inis Mara, an Santóir agus Smugairle Rónán, ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara – agus an t-oileán féin – a íocfaidh go daor as. Cuireann an damáiste a chruthaíonn siad saol an oileáin i gcruachás uafásach. Buaileann stoirmeacha láidre an t-oileán níos minice agus níos fíochmhaire mar thoradh ar an athrú aeráide. Agus nuair a thagann laghdú ar líon na mbeach ar an oileán de bharr phleananna na mbithiúnach, is i bhfad in olcas a théann an scéal.
Ní raibh muintir Inis Mara i mbaol chomh huafásach go dtí seo – ach ar sheachain a laoch óg Éabha dúshlán riamh?

Reviews
There are no reviews yet.