“First Steps in Irish (eagrán nua/new Edition)” has been added to your cart. View cart

Description
Scéalta draíochta, scéalta fantaisíochta , scéalta samhlaíocha atá sa leabhar seo a thugann ar thurais agus ar eachtraí éagsamhalta muid go dúichí i bhfad i gcéin agus i gcóngar. Scéalta iad seo a scríobhadh síos ó bhéalaithris Mhicí Sheáin Néill é féin, an seanchaí mór as Rann na Feirste a raibh clú agus cáil air as a chuid scéalta a inse go glinn deisbhéalach.
In 1956 a foilsíodh an leabhar seo den chéad uair agus táthar á chur i gcló arís le go mbeidh deis ag glúin úrnua sult agus tairbhe a bhaint as an ghreann, an chlisteacht agus an daonnacht atá le fáil sna scéalta seo ó thraidisiún béil Rann na Feirste.
Tá ceisteanna faoi na scéalta agus gluais i gcúl an leabhair.
Bunléaráidí leis an ealaíontóir Rowel Friers.
Reviews
There are no reviews yet.