Description
“Tá an fhilíocht seo díreach álainn. Tá ardchumas teanga ann chomh maith le rithim nádúrtha fhileata… Tá blas atá traidisiúnta ar bhealach… ach atá thar a bheith comhaimseartha freisin… Tá ardmheas ar an seansaol mar a bhí, ach níl aon rómánsúlacht ann ná cur síos milis ar an mbochtaineacht. Aithnítear an maitheas agus an fiúntas sa saol sin…” Máire Ní Annracháin, moltóir an Oireachtais
Rugadh Pádhraic Ó Finneadha i gceantar an Spidéil i gConamara agus is ann atá cónaí air. Is faoina dhearcadh ar an saol agus ar a thimpeallacht atá formhór na bpíosaí seo scríofa.
Reviews
There are no reviews yet.