- You cannot add "Páirc an Chrócaigh - 21 Samhain 1920, Domhnach na Fola I mBaile Átha Cliath" to the cart because the product is out of stock.
Description
Ar an 21ú Samhain 1920, bhí cluiche mór dúshláin idir Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath le himirt i bPáirc an Chrócaigh, ceanncheathrú na peile Gaelaí. Ar maidin an lae sin, rinneadh sléacht ar 'Bhuíon Cairo' – grúpa d'oifigigh rúnda de chuid na Breataine a raibh sé d'aidhm acu gluaiseacht na saoirse in Éirinn a chloí. Ba iad 'an Dáréag Aspal' a mharaigh iad, brainse d'Óglaigh na hÉireann a bhí á stiúradh ag Micheál Ó Coileáin. Bhí na Dúchrónaigh cinnte de go mbeadh na hAspail i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh. Rinne baill den fhórsa póilíneachta mhíchlúiteach sin a mbealach go dtí an pháirc agus chrom láithreach ar dhaoine den lucht féachana agus den dá fhoireann a scaoileadh. 'Domhnach na Fola' a thugtar ar an lá uafásach sin.

Reviews
There are no reviews yet.