Description
Is ceantar fairsing tuaithe i lár Chondae Dhún na nGall é an limistéir ar a dtugtar an Ghaeltacht Láir. Tá codanna ar leith de pharóistí difriúla mar chuid den Ghaeltacht seo. Ina measc siúd tá Inis Chaoil, Teampall Cróine, Gleann tSúilí agus Gleann Fhinne. Mar is léir ón bhailiúchán seo, mhair a lán daoine sa cheantar seo a raibh meas agus grá acu ar chúrsaí léinn, ar oidhreacht agus dúchas ár dtíre. Sa chomhluadar sin bhí filí, scríbheoirí, ceoltóirí agus seanchaithe. Is deas go bhfuil eolas ar na daoine seo agus ar a saothar sa chnuasach seo. Ní raibh a leithéid de leabhar curtha ar fáil faoin Ghaeltacht Láir go dtí seo ach mar a deir an seanfhocal ‘is fearr go mall ná go brách’.

Reviews
There are no reviews yet.