Description
Scríobhadh na seanmóirí seo i gCondae Shligigh, nó i gCondae Mhaigh Eo, go gairid sular treascaíodh na Gaeil in aimsir an Drochshaoil. Buille fiánta don Ghaeilic a bhí sa Ghorta Mhór as siocair go bhfuair an oiread sin daoine bás de dheasca na tubaiste agus gurbh éigean do léar mór den mhuintir a tháinig slán a n-aghaidh a thabhairt ar an choigríoch … Seo an rud a tharla sna háiteacha is láidre Gaeilge i Sligeach agus Maigh Eo, nuair a thug léar mór de na Gaeil a dteangaidh ‘na cille leothu agus nuair a thug cuid mhór eile thar sáile í nó gur shíothlaigh sí i measc na gcoimhthíoch.
Ach ar ámharaí an tsaoil, caomhnaíodh cuid den Ghaeilic seo fríd na hiarrachtaí a rinneadh thall is abhus le í a choinneáil á labhairt, agus in amannaí á scríobh. Ach mar sin féin, cailleadh cuid mhór dithi fríd neamart agus fríd aineolas. Sin an fáth a bhfuil na lámhscríbhinní a tháinig slán, dalta na seanmóirí seo, chomh tábhachtach sa lá atá inniu ann. Tá siad ann mar nasc eadar an saol seo agus an saol a bhí ann nuair a bhí an Ghaeilic iontach láidir.
Sé an rud atá anseo go príomha, seod liteartha a bhfuil rud bocht Gaeilge inti agus saibhreas cainte galánta. Seod liteartha stairiúil, fá ábhar iontach diaganta agus cráifeach, atá inti fosta agus tá súileas agam go mbainfidh duine ar bith a léas í taitneamh agus tairbhe aisti. Rud a bhain mise aisti agus mé á chur in oiriúint do shaol an lae inniu. Éamonn Ó Dochartaigh
Reviews
There are no reviews yet.