Description
Is é atá sa leabhar seo ná turas Sheosaimh Mhic Grianna le linn dó a bheith ag obair don Ghúm, comhlacht foilsitheoireachta an stáit, agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1928 agus 1938. Turas nó léarscáil litríochta atá ann ar an iliomad áiteanna a raibh Seosamh ag fanacht le linn na tréimhse is cruthaithí agus is bisiúla dá shaol agus é ag saothrú litríochta idir aistriúcháin agus phrós agus obair iriseoireachta. Dúirt Seosamh gur dheacair leis fanacht in aon áit amháin níos mó ná ráithe, ach is léir anseo ón rogha den ábhar a bhí á scríobh aige cé chomh gnóthach is a bhí sé.
Tugann an chamchuairt liteartha seo ar Bhaile Átha Cliath fianaise ar ionad ceilte na Gaeilge i saol na cathrach, agus cuirfidh anleabhar leis an aithne agus leis an eolas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine agus mar scríbhneoir.

Reviews
There are no reviews yet.