Cur síos
Tá an Gaeloideachas faoi bhláth i mBéal Feirste na laethanta seo, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Insíonn an leabhar seo cuid thábhachtach den scéal sin: bunú agus buanú na chéad Ghaelscoile sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste. Tarraingíonn sé ar thaighde forleathan i measc chomhaid an stáit, ar litreacha lucht na scoile chuig na húdaráis, agus agallaimh ar dhaoine a bhí sáite sna feachtais éagsúla. Bronnadh an duais as Buaicshaothar Próis na Bliana ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais.

Reviews
Níl aon léirmheasanna ann go fóill.