Description
Tá an Gaeloideachas faoi bhláth i mBéal Feirste na laethanta seo, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Insíonn an leabhar seo cuid thábhachtach den scéal sin: bunú agus buanú na chéad Ghaelscoile sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste. Tarraingíonn sé ar thaighde forleathan i measc chomhaid stáit, ar litreacha lucht na scoile chuig na húdaráis, agus agallaimh ar dhaoine a bhí sáite sna feachtais éagsúla.

Reviews
There are no reviews yet.