An Cláirseoir

£14.40

10 in stock

SKU: 33728 Category:
9781913814793

Description

In earrach na bliana 1169, bhí buíon Normannach sa Bhreatain Bheag ag ullmhú loingis chun farraige: Mac Gearailt, de Barra, Fitz Martin, de Courcy, Prendergast, Fitz Gibbon, agus tuilleadh nach iad. Roimh dheireadh na bliana bheadh Cúige Laighean faoi smacht acu. An bhliain dár gcionn, bheadh Baile Átha Cliath ina seilbh chomh maith. Ba ghearr go gcuirfidís claochló ar shaol na tíre ó Loch Garman go Caisleán an Bharraigh, agus ó Phort Láirge go Baile an Fheirtéaraigh.

Ach céard ba chúis leis an ionradh? Céard a thug ar na Normannaigh a bhfearann féin a thréigean i ndeisceart na Breataine agus a dhul i bhfiontar agus i gcontúirt thar sáile?

San úrscéal seo, cuireann Diarmuid Johnson imeachtaí na Normannach agus na mBreatnach roimh an ionradh cinniúnach inár láthair. Insítear a scéal dúinn: scéal Ghearailt de Windsor agus a thriall go Duibhlinn; an chomhcheilg in aghaidh Anraí I Rí Shasana; an pósadh leis an mbanphrionsa Nest; Muiris mac Gearailt agus an trunca a bhí líonta le hór; an cor sa chinniúint agus an t-éalú thar toinn.

Scéal trí chine atá anseo: scéal na nGael, na Normannach, agus na mBreatnach. Ár scéal féin.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...